School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)

Location:
Mountcollins, Co. Limerick
Teacher:
Pádraig Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 078

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 078

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Page 078
  3. XML “Domhnall Ó Caoin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó ó shoin nuair a bhí Éire tréighthe deórach tar éis imtheacht na “nGéanna Bfiadhna” do chuaidh cuid de lucht leanamhna as t-Seársailigh imeasg na gcnoc agus na sléibhte agus chuireadar sgannradh ar na gabhaláin coimhthigheaigh a shealbhuigh an tír. Is minic a thagaidís indorchadas na h-oidhche agus do uománuidís na h-eallaigh go dtí na cnuic 'is na sléibhte, agus do choimeádaidís ann iad go mbeadh ar an té arbh leis iad airgead do dhíol le lucht a bhfoghla.
    An tráth sin bhí fear darab ainm Domhnall Ó Caoimh in a chomhnuidhe ar theorainn Corcaighe agus Luimnighe. Oifigeach in arm an t-Sáirséalaigh do b'eadh é. Nuair a chuaidh na “Géanna Fiadhna” thar lear d’fhan Domhnall sa bhaile agus b’é a cuireadh eagle ar na Sasanaigh nuair a thagadh sé anuas as sléibhte Mullaigh an Radhairc ortha. Thabharfaidís ór agus airgead dá mbeadh sé imthighthe as an slíghe. Bhí pluais aige in aice an Ghuirt Mhóir ar bhruach na h-Abhann Móire i gCo. Corcaighe agus is ann a théigheadh sé nuair a bhíodh an tóir air. Bhí an pluais ag bun faille agus ní raibh i gcumas aon duine dul isteach ann acht amháin ó'n abhainn.
    Bhí bean áluinn
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish