School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Page 048
- XML “Freagra Uilliam Uí Chathasaigh ar Sheamus Ó Catháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar lean ó leath. 43
XI
Feuch an Corsican tréan a dhéanadh gaisge agus gniomh,
Is a treasgaireadh tréith le piléiribh ar mhacaire a náimheadh,
Gur nascadar é i gcéin cé gurbh fhairsing a bhuidhean,
Gan charaid, gan ghaol, gan chéile leapthan ag luighe
XII
Níl, acht tiocfaidh an t-áiteamh láithreach an coisde is an dlige,
Is cuirfear anáirde ar chlár na lobharaibh (1) sinn
Beidh Sasanach dána láimh linn a d’alpas an t-saill
Is a dheánas an cháisc den pháis le h-anamhas bhidh.
XIII
Éiricigh ghrána a d’fhág fá scamall mo bhuidhean
Go scaipuightheach bearnuightheach lán le dhanaid na gcroidhe,
Gan fearann, gan stát, gan cháin, gan cheannas, gan tigheas,
‘Nár mbailtíbh ceart táid gan bháidh dár dtachtadh do naimhid
XIV
Dá gcartadh gach ré tar tréan mhuir mara do naimhid,
Go Botany Bay nó i gcéin gan casadh ortha arís,
Mar bhárr ar a bpéin le faobhar go mbearraid a bplaoisc,
Nó a gcaitheamh i n-aol tar éis a dtachtadh le dlighe.
XV
Féuch an Sasanach strae is claon is is measa ar bith slíghe,
Nár baisteadh le h-aon de chléiribh Eaglaise Chríost,
Paidir no cré má léighid, ní abraid í,
Is go bhfuil sonas is séan gan bhaoghal ‘na sruthaibh dá dhíon.
(1) leabharthaibh san laimh-scribhinn
Ar lean. - feuch thall(continues on next page)