School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)

Location:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Teacher:
Pádraig Ó Coileáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 030

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0494, Page 030

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Page 030
  3. XML “Scéal Gleanna an Chapaill”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tráthnóna breágh samhraidh a b’eadh é. Bhí an ghrian ag dul fé ‘san iarthar ar chúl an bhearna agus Cnuic an Lompuighthe. Ní raibh le cloisint agam agus mé ag dul idir Áth-na-Fuinnseóige agus Béal an-Átha acht torann binn bídeach ceolmhar na bhfannleóg ag eitilt ós cionn bóthair. Go h-obann do tháinig glór eile, glór duine ag amhrán. Tháinig na focail go binn ceolmhar ar leoithne gaoithe um thráthnóna
    “ An maidrin ruadh ‘na luighe sa luachair
    Is barra dhá chluais in-áirde.”
    Níorbh’ fhada go bhfaca an ceoltóir - sean - fhear liath crom slinneánach, a bhata in-a láimh aige agus duidín dá chaitheamh aige. “Bhoel” arsa mise im ‘aigne féin “Is cinnte go bhfuil Gaedhilg ag an bhfear seo.” ‘Seadh. Do bheannuigheamar dá cheile. “Dia ‘s Muire dhuit a fhir mhacánta" arsa mise. “Dia ‘s Muire dhuit is Pádraig” arsa fear. “Nach breágh an trathnóna é?” arsa mise “Is breágh go deimhin, moladh go deo le Dia” arsa sisean. Leis sin do thúirlingeas dem ‘ rothar. “An ndéarfá liom?” arsa mise “An fada uaim Béal an Átha ?”. Tá sé dhá mhíle go leith ó’n gcrosaire, acht tá na bóithre go maith, agus ní bheidh tú ró-fhada ag dul ann.”
    Bhíomar ag siubhal cos ar chois agus dubhairt leis go fiosrach “Cad é an cnoc é sin?” ag taisbeáint cnuic áird a raibh gleann fada doimhin ar a thaobh. “Do ceapas” ar sisean “go raibh fhios ag an saoghal mór agus ag a mháthair cad é an ainm a bhí ar an gcnoc sin.” “Nach é sin gleann iongantach an chapaill?”. Stad sé annsan acht shiubhaileamar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    2. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Language
    Irish