School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Mountcollins, Co. Limerick
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tamall gan focal acht bhí fhios agam go raibh rud éigin foghanta ag teacht agus bhi grásta na foidhne agam. Do dhearg sé a phiopa arís, agus bhí sé dá tharraingt ar feadh cúpla noimeat. Annsan do labhair sé.
“Fadó ó shoin” ar sisean “nuair a bhí m’athair in a stocach bhí fear in a chomniudhe ‘san dugh mór ar an dtaobh eile de’n gcnoc. Duine des na gabhaláin coimhthigeach agus de lucht an il-chreidimh do b’eadh é. An dtuigeann tú? Bhí bnuachaill aimsire aige dailtín a dhíolfadh a mháthair féin ar scilling. Cataoiliceach a b’eadh an buachaill sin. Lá dá rabhadar ag cainnt le na chéile thosnuigheadar ag aragóint mar gheall ar an gcreideamh agus dubhairt an maighistir leis an mbuachaill go dtaisbeánfadh sé ná raibh ‘san gcreideamh a bhí aige acht seafóid – go maithidh Dia dhó é. Do chuadhadar an dhian ar a chéile agus sa deise do bhain an maighistir geallamhaint as an mbuachaill chun an chuipp naomhtha do bhreith chuige an Domhnach dar gcionn – slán an comhartha. Chuaidh an buachaill chun faoisdine agus an Domhnach in a dhiaidh san do ghlac sé Corp Chríost. D’éirigh maith go leor leis go raibh sé ag fágaint an t-séipéil. Annsan do chuir sé a mhéar in a bhéal, acht ní túisge a chimil sé a mhéar de’n gCorp Naomhtha ná deineadh capall ar an láthair de – slán mar an-innistear é.
Do rith sé as an áit agus chuaidh sé imeasc na gcnoc. Bhí sé ag síor-imtheacht ar fuaid an cheanntair ar feedh trí lá agus trí n-oidhche . Acht an tríomhadh oidhche nuair a bhí an meadhon uair ciúin uaigneac(continues on next page)