Scoil: Carrickerry, Árd-achadh (uimhir rolla 11281)

Suíomh:
Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Caitlín, Bean Uí Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0487, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carrickerry, Árd-achadh
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Nóis Phósta sa Cheantar seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is i rith na hInide is coitchian a phósann daoine na h-áite seo. Nuair a bhíonn an pósadh thart glúaiseann an beirt núa-phósta agus a cáirde go tig na mnácéile. Téigheann sgata búacaillí na coinnibh agus téad aca. Cuireann síad an téad treasna an bhóthair agus ní leigeann síad dóibh dul thart gan airgead a thabhairt dóibh.
    caitheann an lanamha agus a cáirde an lá ag fleadh agus ag féasta agus ag rinnce. Déantar císte mór milis roimh ré i gcóir an fheachta. Núair a bíonn gac aoinne suidhte ag an mbórd geárrann an bhrideóg an císte. Tugann sí stráca de do gac duine.
    Ní ithtear an stráca go léir amhthac-comeádtar cuid de cun é do cur fá na gcinn agus íad na gcodhladh. Deirtear go bhfeic-tear an céile a bhíonn i ndán dóibh 'na dtaidhreamhaibh núair a bhíonn an píosa ciste bhrídeóige fé 'na gcinn.
    Núiar a bíonn coimheascar laé is oidhche ann agus núiar a bhíonn an bhúadh ag an oidhche tagann na géamairí - fir agus aighthe-fidil ortha agus éadaighe éagsamhla - agus bíonn síad ag rinnce agus ag seinm ceóil agus geibheann síad gac nua-bídh agus gach sean-dighe ó'n mbrighideóig agus a gaolta.
    Bíonn an spórt ar siubhal go dtí maidin uaireanta - na géamairí ag teacht agus ag imteacht i rith an ama go léir.
    Sé nós a bhí ag na daoine fadó ná stoc agus earraí do thabhairt mar spré do'n cailín agus tugadís díallait do'n bhfear núa-phósta leis. Airgead is coit-chianta a tugtar mar spré anois agus ní tugtar stoc no earraí ach go h-annamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
          1. pósadh (~4,283)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Aodha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh