Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)

Suíomh:
Baile Choitín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Caitlín Ní Rignigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 111

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 111

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Choitín (C.)
  2. XML Leathanach 111
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Siad na h-ainmhidhthe feirme atá againn sa bhaile ná muca, caoire, gamhna, gabhair,ba, capaill, lacain, geanna agus cearca. Is mar seo a glaoidhtear ar na h-ainmhidhthe agus na h-eanlaithe chun bidh, "tioc, tioc" do chearcaibh " habha habha" do bhuaibh "hurais hurais" do mhucaibh "suc suc" do gamhna "hewp hewp" do capallaibh "fini fini" do lacanaibh. Cuirtear tuighe féar agus tuir aitinn mar easair fé na buaibh.
    Cuirtear cros naomh Brighde, Pailm beannuighthe, agus uaireannta cuirtear foghair Croise ar na ractaí cun rath do chur ar an stoc. Ceangluightear na ba agus na gamhna le buaraca. Deintear na buaraca de teidreaca a ceannuightear sa bhaile seo. Cuirtear marc de pheann luaidhe corcar ar na uibheaca gur cun iad mharcáil.
    Tugtar "glugar" ar na h-uibheaca a bhíonn dreoighte agus tugtar "bogán" ar na h-uibheaca a beirtear gan plaosg. Níor cualas riamh gur bfhéidir le capaill rudaí do-fheisce d'fheiscint. Tá duine I mBailecoitin go bhfuil orthaí aici cun caiple do leigeas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge