School: Baile Choitín (C.) (roll number 16110)
- Location:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Teacher: Caitlín Ní Rignigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósann daóine gach mí de'n bhlían acht amháin mí Bealtaine agus ar feadh an Carghaois. Deirtear nár cheart do phósadh ar Dia Lúain, Dia Chéadaoin ná Dia h-Aoine. Acht deirtear gur rathmhar do pósadh i mí an Meithimh nó ar Dia Máirt nó ar Diardaoin nó ar Dia Satharn. Deintear cleamhnas idir an mbeirt abhíonn cun póadh. Úaireannta isé duine des na comharsanaibh a dheineann an cleamhnas. Acht de ghnáth isé athair nó máthair na mná a dheineann an cleamhnas.Is airgead a tugtar don bhean mar spré acht dá mba rud é ná beadh aon driothár aiche gheóbhadh an bhean an fheirm ar coinghioll go mbeadh cead ag an athair agus an mháthair cómhnuidhee leó ins an bhfeirm. Deirtear nár ceart don beirt dul go dtí an Eaglais ins an ngluaistéan chéadhna ná aón duine de'n bheirt an duine abhíonn síad cun pósadh d'feisgint ar an maidin(continues on next page)