Scoil: Lios Gúl, Mainistir na Corann (uimhir rolla 4230)

Suíomh:
Lios Cúil Thuaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Cathasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0387, Leathanach 001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0387, Leathanach 001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lios Gúl, Mainistir na Corann
  2. XML Leathanach 001
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Sgéal iseadh í seo a thuit ammach roinnt bliadhan ó shoin...

    Sgéal iseadh é seo a thuit amach roinnt bliadhan ó shoin ag tobar beannuighthe sa cómharsanacht. Uair amháin bhí fear mhór árd díthcéilleach agus bhíodh sé chosnochtuighthe i gcómhnuidhe. Bhí a ghníomhartha agus gach rud a dhéanfadh sé de ghlan-mheabhair go maith ag na cómharsain mór-thímcheall. Ba ghnáth leis sgread mhór uathbhásach a leigint as ar choingheall go dtabharfadh na daoine pingin no súim airgid dó.
    Thagadh alán daoine chun an tobair an uair sin, agus bhíodh bean ann ag díol úbhla, óráisti, agus misleáin. An tráth úd bhí cában déanta ag mnaoi de'n chéarr agus cúpla píosaí adhmaid agus bhí na misleáin is na rudaí eile sochruighthe go deas ar na seilpeanna aici.
    Bhí roinnt garsúin ag imirt cártaí agus nuair a chonachadar an t-amadán mhór sho ag teacht do ghlaodhadar air, agus do thairigeadar sgilling air ar choingheall go raghadh sé síos fé'n gcéarr agus an sgread mór uathbhásach a leigint as. Do chuaidh sé síos agus dhein sé mar a dúbhradh leis agus do leig sé an liach ba mhó d'airigheadh riamh as agus súd leis súas go bárr na páirce airís.
    Bé toradh an sgread ná gur léim an t-asal agus briseadh an chábán agus do scaipeadh gach rud tímcheall na féurach. Bhí ionghnadh ar gach aoinne nuair airigheadar an glór mar ní raibh fhios acu chár bhfás é ach bhíodar ins na tríthibh gáiri nuair airigheadar an bhean ag tabhairt agaidh béil ar an bhfea. Labhartar ar an sgéal seo go minic sa Pharoiste fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Ríoghbhardáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios Cúil Thuaidh, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    John C. O' Riordan
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Lios Cúil Thuaidh, Co. Chorcaí