Scoil: Fota Island, Belvelly, Cóbh (uimhir rolla 11646)
- Suíomh:
- Fóite, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tímcheall míle go leith ar an dtaobh thuaidh den Cóibh tá áit ar a dtugtar "Lios an Uisce" mar ainm air. Ná céadta bliadhain ó shoin, bhí lios le feiscint san áit seo. Níl ach cuid de ann i láthair na h-uaire seo. Sé iothlann Shéamuis Mhic Coitir láithreán an leasa. Tá sruthán a'rith ó dheas thar an áit. Tá feárlann suidhte i láithreán an leasa fé láthair. Téigheann an bóthar ó'n Cóibh go dtí Béal Athá'n Bhile thar an áit seo. B'iad muinntear Mich Carthaigh a bhí 'na gcomhnuidhe sa bhfeirm seo sa naoimhadh aois deag. B'féidir gurb é duine den teighlach seo a chur an lios dá leagadh nó b'fheidir go ndeineadh gach glún dá dtagadh a gcuid féin de a leagadh.
Pé ar dhomhan é san aois deireannacch (ós cionn céad bliadhain ó soin) do h-íreáladh beirt fhear d'fonn a leasa a leagadh. Do chuireadar chun gnótha. Bhí an obair fé lán-tseól. Bhíodar ag obair go gceann tamall nuair do thuit rud éigin amach. Do chaill duine acú radharc a dá shúil, do b'éigin do'n bfear bocht eirghe as an obair. Annsan do thuit mí-ádh eile ar an dara fear - d'imigh sé as a mheabhair. slán mar a n-innstear é Tháinig eagla ar mhuinntear na h-áite annsan agus d'fhagadar é suíd mar a bhí sé ..... Tá lios eile timcheall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Johnny Hegarty
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Marino, Co. Chorcaí