Scoil: Fota Island, Belvelly, Cóbh (uimhir rolla 11646)
- Suíomh:
- Fóite, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá bothar treasna an Oileáin Móir idir an Caladh Thoir agus an Caladh Thiar. "Bothar an Naoimh" an ainm atá ar a gcuid sin de, atá lastiar den Caladh Thoir. Ach sé mo thuairim go mbainneann an t-ainm sin leis an mbothar go léir ó chaladh go caladh.
Do chualas go ndeaghaidh Naomh Pádraig treasna an oileáin tráth ó'n gcaladh thoir go dtí an ceann ata i gCarraigh a' Gleó. Deirtear nár badadh aoinne as bád a' Calaithe san dá áit ó shoin i leith. Tá páirc ar an dtaobh thuaidh de'n bóthar idir Lios an Uisge agus Carraig a' Ghleo ar a dtugtar "Bán Phadruig". Is deallsamhtach go raibh baint éigin ag Naomh Phádraig leis an áit seo.
(Tá liosacán inaice na pairce se ar an dtaobh eile den bhothar) B'féidir go dtug sé searmóin uaidh dos na daoine agus dos na taoisigh a bhí na gcomhnuide sa lioscáin timcheall an bhaill seo.
Ar an dtráigh, scathamh beag lasiteas de'n Caladh Thoir tá cuas san carraig ar a dtugtar "Carraig an Aifrinn". Is annsúd a dheineadh an t-Sagart an t-aifreann a léigheamh tráth, bhíodh na Dlighthe Peannaideacha i bhfeidhm.3.
Do réir tráchtas beag a léigheas i stair an Oileáin Mhóir, do thagadh Tadg Gaedhealach Ua Suilleabháin ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Johnny Hegarty
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Road worker (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Marino, Co. Chorcaí