Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrane (B.)
- XML Leathanach 145
- XML “Cows and Their Byre”
- XML “Lá Bealtaine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Tá alán piseóga mar gheall ar lá Bealthaine leis agus seo ceann acu:-
Bhí máthair mo shean-mháthar-sa na cómhnuidhe i gCarraig an Ime agus bhí alán ba aice agus bhí ím bhreágh aici súas go dtí lá Bealthaine. Ach i ndíaidh an lae sin do theip uirthe glan aon ím do dhéanamh. Bhí bean fheasa na cómhmuidhe i Baillinín agus chuaidh sí chúichi. Dubhairt an bhean fheasa leí na meadracha do nídheadh leis an lus mor sé sin plannda a bhíonn ag fás ar na cladhthacha. Sin é an cuma a thug sí an t-ím tar n-ais airís agus dúbhairt an bhean fheasa gur drifiúr a fir a bhí ag tógaint an ime.
Bhí athair mo shean athar-sa 'na chómhnuidhe i nGleanntán agus bhí an t-ím ag imtheacht uaidh leis. Chonnaic sé beirt ban des na cómharsain ag crúdh na ba agus chuir sé an ruaig ortha ach bhí an t-ím ag dul uaidh. Chuaidh sé go dtí an sagart agus thánaig sé agus dubhairt sé an t-Aifreann insan tigh. Níor fhéadh sé an t-ím d'fhághail tar n-ais, agus b'éigean do'n fear dul as an áit ar fad.
Seo sgeal mar gheall a bean eile go raibh dioblaideach ar siubhal aici:-
Bhí fear ins an mbaile agus bhí alán ba aige ach gach tráthnóna nuair a thiomáin sé isteach iad ní raibh aon bainne aca. Chuaidh an fear(leanann ar an chéad leathanach eile)