Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Cluain Droichead, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Bean Siúil agus a Mac”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhíbean siúbhail agus a mac ag gabháil bóthar Cluaindrochaid lá. Do bhí an lá ana bhrothallach agus do thánaig tuirse ar an mnaoi. Do shuidh síar thaobh an bhóthair fe sgáth crainn. Do thug sí ordúdo'n mhac gan leigint d'aon rud teacht na goire an fhaid a bheadh se na codladh. Tareis tamaill do thánaig cuileog agus do thuit síar a sróin. Do chuimhnigh a mac ar an ordú agus do fuair sé bata chun an cuileog a mharbhú. Do bhuail sé an cuileóg agus d'imthigh sé go tapaigh ach do bhris srón na máthar.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Donncha Ó Rioghbhardáin
    Inscne
    Fireann
  2. Bhí fear ann uair éigin agus bhí sé ag dul go MaghCromtha agus bhí lios ins pairc ar thaobh an bhóthair. Nuair bhí sé ag dul síos an bhóthar le h-ais an leasa do stad an capall. Bhuail sé an capall ach ní raibh aon mhaith do ann. I gcionn nromait bhí fearg air léim sé amach as an dtrucaill agus rith sé isteach sa lios chun bata d'fhághail. Connaic se leipreacán ag deanamh bróg. Bhí casúr beag i a láimh aige agus é ag amhrán. I gcionn neómait do labhair an leipreachán. "Trom lasán má sé do thoil é" ar seisean. "Níl aon lasán agam" arsan fear. "Tá bosca lasáin in do póca agus mara dtabharfair ceann dom anois marbhóchad tú féin agus do chapall" arsa'n leipreachán. "Marbhóchair mé an ead" arsa'n fear. "Airiú tán tú ró-bheag agus ní féidir leat" ar seisean. Fuair an fear bata ach má fuair seo á bhualadh féin é. Is dócha gur cuireadh eagla ar an bhfear mar dubhairt sé láithreach "Seo" agus do shín sé lasán chun an leipreacháin. "Á" arsa'n leipreachán "amadán iseadh tusa". Ní raibh aon radharc ag an bhfear ar an leipreachán annsan.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    2. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge