Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)
- Suíomh:
- Cluain Droichead, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gurrane (B.)
- XML Leathanach 108
- XML “Seanfhocail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)"Dein uair amháin é ag tá sé deanta fé dhó"
"Is feárr uair a' chluig ar maidin, ná dhá uair um thráthnóna."
"Éist le fuaim na h-abhann, agus geóbhair breac."
"Mara n-ólfaidh an leanbh é ólfaidh an banaltra é."
"Is mór taidhbhseach iad adharca na mbó thar lear"
"Bainne na bó sopaidhe" (bó go mbeadh alán bainne aice & a doirteadh é annsan)
"Ní raibh iasc riamh sa bhfairrge na go bhfagfai iasc chomh maith leis."
"Is feárr an t-imreas ná an t-uaigneas."
"Beatha dhuine a thoil dá mba ag gabháil dtí thóin sa loich é"
"Siúbhal Éire & gabh réidh trí Baile Mhúirne".
"Gabh go múinte trí Baile Mhúirne nú mara ndeanfá is duit ba mheasa."
"Nuair is gann é an biadh iseadh is fiall é roinnt."
"Is uiriste leis an neamh bhfonn leath-sgeal d'fhághail."
"Dá mbeadh soineann go Samhain bheadh breall ar dhuine éigin"
"Deire long a báthadh, nu deire athá do losgadh, deire capaill bháin nú deire Mháighistir Scoile."
"Méinn péarla gach uile nidh
Agus bíodh an sgéimh ar an té gur cuireadh í."
"Bean mhic is máthair a chéile mar bheadh cat is luch ar aghaidh a chéile."
"Má bhíonn tú ag aistriúghadh coidhche a mhic,
Fág it dhiaidh an cat, baineann sé leis an dtig na mbíonn
Ach beir a piscín leat."
"Dearbhráthair do Thadhg Riabhach Dómhnall Grána".
"Is uiriste fuineadh in-aice na mine."
"Siad na muca ciúine itheann an mhin."
"Fothram coistí is pócaí follamha."(leanann ar an chéad leathanach eile)