Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 295
- XML “Seanfhocal”
- XML “Briseadh Loinge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Timcheall deich mbliadhna ó shoin do bádhadh long an-mhór ar fad siar ó thuaidh ó Carraig Aonair. "Dún an Óir" ab ainm do'n bhád. Bhí sí ag dul go dtí áit éigin agus last slinne innte. Lá cheathach ghaothmhar a bhí ann agus ní fhéadfadh an Captaon aon rud d'fheiscint go cruinn mar bhí an cheó go trom.Pé scéal é nuair a tangadar go dtí an Carraig Aonair, do scaoileadaqr an t-anncaire acht bhí an ghaoth ag eirghe láidir i leabaidh a céile agus bhí sé ag sáthadh na luinge i dtreó na gcarraigreach. Bhí a fhios ag an bhfuireann go rabhadar i n-áit baoghalach agus do shéideadar an fead. Do chuala Muinntir Oileáin Cléire é 's do chuaidh dream de fearaibh láidre amach chun iad d'fhuascailt.Bhí sé ana-dheacair dóibh dul ann mar bhí an ghaoth go tréan 'na gcoinnibh agus do sciobadh iad annso agus annsúd. Tar éis tamaill do thángadar i bhfogus na luinge acht bhíodar i mbaoghal a mbáidhte. Bhíodar tar éis an long a thréigint agus iad sa mbáidín. Fé dheire do shaoradh iad. Ó'n lá sin tugtar "Poll na Slinne" ar an áit a bádhadh an long mar do thuit na slinnte go tóin na fairrge.