Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 278
- XML “Cistí Óir”
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)isteach ar pé duine a raghadh á lorg.
- (III)Deirtear gur tháinig long seóíl isteach go Cuan Dor cúpla chéad bliain ó shoin agus go raibh an captaon a bhí innte ag fághail bháis. Do scaoileadh an t-anncaire ar agaidh an bhaile amach agus ins an oidhche tháínig cuid de'n bhfuireann i dtír agus mór sheól lán d'ór aca agus sluaiste aca leis. Thánghadar i dtír sa chéád tráíg lastuaidh de Caisleán Chill Fhionáin agus óscionn an trágha deineadar poll mór agus cuireadar an t-ór ann.Chonnacadar duine éigin ag faire ortha agus thugadar roinnt óir do acht gan a bhfaca sé, d'innsint d'aoinne. D'imthigheadar leó annsan mar a thánghadar. Chonnach daoine na fóda bainte (?) san áit agus sar i bhfad bí an scéal i mbéal na ndaoine go raibh ór curtha ann.Thánghadar agus dheineadar poll ann agus ag tuitim na h-oidhche chaitheadar na sluaiste uatha agus d'imthigheadar abhaile cun leanúint air lá ar na bháireach. Ar a dteacht dóibh ar maidin bhí na sluaiste briste 'na smidrínibh rómpa. Fuaireadar sluaiste eile agus leanadar ag taoscad go méadhon oidhche, agus um(leanann ar an chéad leathanach eile)