Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)

Suíomh:
Cuan Dor, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Séamus Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 295

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0309, Leathanach 295

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cuan Dor
  2. XML Leathanach 295
  3. XML “Seanfhocal”
  4. XML “Briseadh Loinge”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall deich mbliadhna ó shoin do bádhadh long an-mhór ar fad siar ó thuaidh ó Carraig Aonair. "Dún an Óir" ab ainm do'n bhád. Bhí sí ag dul go dtí áit éigin agus last slinne innte. Lá cheathach ghaothmhar a bhí ann agus ní fhéadfadh an Captaon aon rud d'fheiscint go cruinn mar bhí an cheó go trom.
    Pé scéal é nuair a tangadar go dtí an Carraig Aonair, do scaoileadaqr an t-anncaire acht bhí an ghaoth ag eirghe láidir i leabaidh a céile agus bhí sé ag sáthadh na luinge i dtreó na gcarraigreach. Bhí a fhios ag an bhfuireann go rabhadar i n-áit baoghalach agus do shéideadar an fead. Do chuala Muinntir Oileáin Cléire é 's do chuaidh dream de fearaibh láidre amach chun iad d'fhuascailt.
    Bhí sé ana-dheacair dóibh dul ann mar bhí an ghaoth go tréan 'na gcoinnibh agus do sciobadh iad annso agus annsúd. Tar éis tamaill do thángadar i bhfogus na luinge acht bhíodar i mbaoghal a mbáidhte. Bhíodar tar éis an long a thréigint agus iad sa mbáidín. Fé dheire do shaoradh iad. Ó'n lá sin tugtar "Poll na Slinne" ar an áit a bádhadh an long mar do thuit na slinnte go tóin na fairrge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.