School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Cuan Dor, Co. Chorcaí
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 297

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 297

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 297
  3. XML “Éisc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá iasc beag ann agus is annamh a geibhtear é ar an gcósta so. Sa t-Samhradh a bhionn sé le fagháíl agus tugtar Johnny Dory air as béarla. Dath liath-ghorm atá air agus tá sé ana dhealgach tímcheall a chinn. Dá bhfeicfeá é do thabharfá fá ndeara go bhfuil spota mór dubh in a lár. Is amhlaidh a deirtear gurab shin é an saghas éisc a bhain ar dTighearna as nuair a dhein sé Míorbhailt na n-éisg is na mbulóg. Creidtear leis gur rian méire Ár dTighearna fá ndear' an spota úd ar an iasc.

    Iasc eile a geibhtear annso uaireanta is eadh chuach nó (Cuckoo fish) Iasc ioldaithte ar nós bogha ceatha is eadh é agus in aice carraige is mó a gheóbhfá iad. Táid cosúil le pollóig le n-ithe.
    Sí an phollóg an t-iasc is coitcianta annso sa t-Samhradh, chídhfeá na pollóga óga istig sa chuan gar do na carraigeaca agus "cuilligs" nó cuilligíní a tugtar ortha agus bíonn an t-aos óg á n-iascach le córda agus biorán lúbtha.
    An Phollóg go mbíónn leath troig nó mar sin innte tugtar "crothóg" uirthí agus geibheann siad iad siúd i líontaibh na mairciréal go minic. Nuair a bhionn breis is troig ionnta tugaid siad pollóga ortha. Is mó slighe go mbaintear úsáid as chun breith ortha; uaireannta do chídhfeá na daoine ná bíonn bád aca mar feirmeóirí agus go déanach ar tráthnóna samhraidh bíonn slat ana-fhada aca agus darugha agus dubhán agus ar an ndubhán bíonn píosa olna agus bíd
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish