School: Cuan Dor (roll number 1272)
- Location:
- Glandore, Co. Cork
- Teacher: Séamus Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuan Dor
- XML Page 277
- XML “Cistí Óir”
- XML “Cistí Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall leath-shlighe idir Cuan-Dor agus Ros Ó gCairbre tá fotharac de shean-thigh suidhte agus ba le muinntir borringer é fadó. Bhí faithche mhór ar aghaidh an tighe amach agus geataí airgid sa mbearnan ag dul isteach go dtí an faithche ó le linn an Eirghe Amach sa bhliain 1641 deineadh iarracht ar an áit a gabháil agus goideadh na geataí airgid—dha ceann a bhí ann. Tugadh iad go dtí Loch an Bhricín—sin loch beag atá suidhte timcheall leath-mhíle slighe soir ó dheas ó'n séipéal nua a tógadh i gCuan-Dor agus caitheadh isteach annsan iad agus deirtear go bhfuilid ann ó shoin.
- Timcheall trí céad slat lastuaidh de'n droichead ó Cuan Dor go bréan Tráig ar aghaidh an bhóthair ó Cuan Dor go dtí an Léim amach tá tráig beag agus deintear go bhfuil trí fircíní d'ór curtha ós cionn an trágha. Ní fhios cé cuir ann é ná cad fá acht níor deineadh aon iarracht ar é d'fhághail mar deintear go bhfuil fear gorm mar gárda cosanta air agus go gcuirfeadh sé(continues on next page)