School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Glandore, Co. Cork
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 287

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 287

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 287
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Oidhche fiadhain stoirmiúil bhí fear ana-thinn ag fághail bhais i dtig éigin agus ceap a dhriothar go mbfearra dho fhios do chur ar an sagart, a bhí in a chómhnuidhe sa pharóiste, chun Ola Déanach a chur ar an bhfear.
    Do thug an fear an capall agus cairt leis agus ní fada go raibh sé tágaithe go tig an t-sagairt.
    Bhí sé ar an bhfear fanúint ar feadh leath uaire ach i gceann tamaill tháinig an sagart agus do thosnuig an beirt acu chun dul go dtí an tig ins an gcairt.
    Ní rabhadar abhfad ó'n dtig nuair a tháinig bean mór ós a gcómhair amach agus bhí éadaighe dhubha uirthe. Bhí sí d'iarraidh stad a chur leis an gcapall agus tháinig scannradh ar an mbeirt ins an gcairt. Bhí dhá láimh na mná sínte ós cómhair an chapaill agus bhí sí á luasgadh. D'fhan sí abhfad mar an gcéadna - ag luasgadh a láimhe agus ag caoineadh.
    Annsan d'imthig an bhean agus do cuaidh an beirt go dtí an tig gan focal asta le neart scannradh.
    Do chuir an sagart an Ola Dhéanach ar an bhfear agus sar a raibh an sagart ag an ndoras chun dul abhaile, bhí an fearr tinn tar-éis dul ar slighe na fírinne.
    Deirtear gur'ab é an diabhal a bhí ann in ionad an bhean, agus go raibh sé ag iarraidh stad a chur ar an sagart ó an Ola Dhéanach a chur ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish