School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Glandore, Co. Cork
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 286

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 286

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 286
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an oidhche dubh dorca ann, agus oibridhe ag teacht ó'n Léim go dtí an Sgibrín tar éis bheith ag obair ann i rith an lae.
    Do tharla, nuair a tháinig sé go bun an chnuic a tugtar "an Píce" air go bhfeaca sé púca i ndeilbh mná. Bhí sí gleasta in' éadaighe dubha, do shín sí amach a lámha, is do labhair sí leis an bhfear.
    "Tabhair do lámha dom," a dubhairt sí. Do bhí an fear ag crith le h-eagla, ach mar sin féín, níor thug sé a lámha dí. D'iarr an bhean an cheist céádhna air mórán uaire ach níor ghéill an fear.
    Do bhí an púcha ag sáthad an fear chun an claidhe ó am go h-am, agus sa deire tháínig misneach ar an bhfear. Do bhí fhios agie leis gur diabhal a bhí ann, agus do bhuail sé í leis an sluasaid a bhí aige.
    Do preabh an dealbh suas 'san spéir ins an lasarcaibh, agus d'imtig an fear abhaile go mear. Dubhairt mórán daoine go bhfeacadar an púca céadna ar an áít san leis, agus deirtear go raibh troid idir beirt fhear ann mórán bliadhain ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish