School: Cuan Dor (roll number 1272)
- Location:
- Glandore, Co. Cork
- Teacher: Séamus Ó Donnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cuan Dor
- XML Page 301
- XML “Scéal”
- XML “Scéal eile i dtaobh an tSagairt Chéanna is é seo”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin tháinig fear go dtí an t-Athair Seán de Paor a bhí ina shagart pharóiste sa Léim céad bliadhain ó soin. Tháinig sé chun leighis d'fhághail mar bhí cos tinn aige acht sar a chuaidh sé isteach sa tigh chuaidh sé isteach i siopa éigin agus d'innis sé a thrioblóid do'n fhear a bhí istigh sa t-siopa. Níor chreid an duine siúd go bhféadfadh an sagart aon leigheas a cur air agus bhí sé ag magadh fé.
Níor stad san an fear amhthach agus seo leis cuig an t-sagairt agus d'innis sé a scéal do'n sagart agus fé mar a bhí an siopadóir ag magadh fé. Do chuir an sagart leigheas air agus dubhairt sé leis an bhfear dul isteach go dtí an siopadóir ar a dhul abhaile do. Dubhairt sé go ndéanfadh sé amhlaidh agus do dhein agus nuair a chuaidh sé isteach bhí a chos féin tar éis eirghe tinn ag an bhfear istigh. - Oidhche chiúin chalma a bhí ann agus do buaileadh cnag ar dhoras a thighe go h-obann agus nuair a d'oscail sé é chonnaic sé go raibh beirt fhear ann. Ní raibh a fhios aige cad a bhí uatha acht i gcionn tamaill chuireadar i n-iúil do gur airgead a bhí uatha
Dubhairt an sagart leis an gcailín aimsire corcán uisce a chur ar an dteine. Nuair a bhí an t-uisce beirbhthe rug(continues on next page)