Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 302
- XML “Scéal eile i dtaobh an tSagairt Chéanna is é seo”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ar an gcorcán agus do chuir sé ar an mbórd é agus d'órduig sé dóibh a lámha a chur isteach ann. Níor chuireadar ná níor labhradar acht seo leó amach as an dtigh.
Tá carraig i bpáirc in aice tighe an t-sagairt agus deirtear go bhfuil rian láimhe ann ó d'imthigh siad thar an chlaidhe. - Oidhche Nodlag a bhí ann bliadhanta ó shoin agus bhí sé ana fhiadhain agus ana dhorcha. Bhí bean ag teacht abhaile ó áit éigin agus b'éigin di dul treasna na trágha. Níor aithin sí an bóthar go rí mhaith mar ní ba gnáth di dul ann agus do chaill sí a slighe agus ní raibh tásc na tuairisc uirthi.
Níor h-aimsigheadh í acht oidhche amháin ina dhiaidh sin bhí beirt fhear ag dul an t-slighe céadna agus do chonnacadar firín beag ag siubhal rómpa amach.
Do cheapadar gur cómharsa éigin a bhí ann agus do ritheadar cuige acht níor fhéadadar teacht suas leis. D'fhan sé an fhaid céadna rómpa amach go dtángadar go cros-bhóithrín ag[?] dul isteach sa phortach. Do leanadar é agus i gcionn tamaill tháinig sé suas le roinnt fear bailithe timcheall poill agus chómh luath is a chonnaic an beirt an méid sin seo leó abháile mar bhí a fhios aca gur daoine neamh-saoghalta a bhí ann. Nuair a tháinig(leanann ar an chéad leathanach eile)