School: Cuan Dor (roll number 1272)

Location:
Cuan Dor, Co. Chorcaí
Teacher:
Séamus Ó Donnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 296

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0309, Page 296

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cuan Dor
  2. XML Page 296
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aon oidhche amháin fadó riamh bhí beirt fhear ag sgoruíocht, i dtig comharsana agus níor bhraiteadar an t-am ag sleamhnú uatha go raibh sé ana-dhéanach ar fad. Bhí sé tar éis a ceathair a chlog ar maidin nuair a d'fhágadar an tig chun dul abhaile agus ní rabhadar abhfad ó'n dtig nó go bhfacadar madra dubh á leanúint.
    Do ritheadar go tapaidh nó go dtángadar go crosaire agus chuaidh fear amhain a bhóthar féin abhaile agus do lean an fear eile de go dtáinig sé go dtí an tigh agus tréis dul isteach do, do chuir sé an laiste ar an ndoras. Ní raibh sé ibhfad istigh go gcuala sé cnag ar an ndoras agus bhí eagla air an doras a oscailt.
    B'é nós ag na daoinibh coileach a choimeád os cionn an dorais leasmuigh agus bhí ceann aca ag an bhfear úd agus tar éis cúpla secund d'oscaileadh an doras agus do léim an coleach anuas agus do bhuail sé an t-é a bhí ag an doras. D'imthigh pé rud a bhí ann-chuaidh an fear anáirde an staighre agus do thuit sé i luige. Nuair a d'eirig sé ar maidin bhí an coileach marbh. Ní raibh aon coileach ag an bhfear eile agus fuarthas marbh é ar maidin nuair a chuaidh a chara go dtí an tig.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish