Scoil: Cuan Dor (uimhir rolla 1272)
- Suíomh:
- Cuan Dor, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Séamus Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuan Dor
- XML Leathanach 279
- XML “Cistí Óir”
- XML “Cistí Óir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)méadhon oidhche chaitheadh cloca leó, agus cheapadar gur rud neamh-shaoghalta fá ndear é agus d'eirigheadar as gan an t-ór d'fhághail.
- IV (Innsint eile ar an sgéal thuas.) Cúpla céad bliain ó shoin tháinig long Gréigeach isteach sa chuan i gCuan Dor agus ní raibh acht fear amháin beó innte agus b'shin an captaon - bhí an fuireann go léir marbh innte toisc an bolgach a bheith aca. Do scaoil an captaon an t-anncaire agus do ghlaoidh sé ar daoinibh a chonnaic sé ar an mín-tír.
Thángadar amach cuige agus do chuir sé na cuirp isteach sa mhór-shéol agus bosca lán d'ór in aoinfheacht leó agus d'órduig sé dos na daoinibh an t-ualach go léir agus é féin a bhreith leó isteach. Nuair a thángadar i dtír 'órduig sé dóibh poll mór a dhéanamh agus deineadh amhlaidh agus annsan chuireadh an t-ualach ar fad. Do líonadh an poll annsan agus chuireadh ar bórd luinge airís(leanann ar an chéad leathanach eile)