Scoil: Urhan (C.) (uimhir rolla 12260)

Suíomh:
Iorthan, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eimile Ní Urdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 232

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 232

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Urhan (C.)
  2. XML Leathanach 232
  3. XML “Cliamhain an Rí - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'urraidh sí de cad as dó nú cá raibh sé ag dul. D'innis sé dí go raibh sé ag dul le litir go dtí tig an Rí chun inghine.
    Thóg sí truagh ar an ngharsún agus d'fhág sí istig é. Do dhein sí saghas leabthan dó sa chúinne, agus do chaith sí sop féir anuas air. Thuit sé 'na chodladh lom láithreach
    Ba ró ghearr go dtáinig na Róbálaithe isteach agus dubhairt an tSean-bhean gur gar sún é abhí ag dul le litir go dtí inghean an Rí. Do chuarduigeadar 'na phócaí, fuaireadar an litir 'na phóca agus d'osgluigheadar é agus 'sé nidh abhí sa litir - "ón Rí go dtí a inghean an ceann do bhaint de'n garsún an néomat Éireann [?] go léighfeadh sí an leitir.
    Do stóil na robálaiathe an litir agus fuaireadar páipéar. Scríobadh ar litir agus sé nidh bhí sa litir sin - "chun inghean an Rí an garsún do phósadh láithreach bonn an neomat go léighfead sí an litir.
    Nuair do léig sí an litir fuair sí í féin ullamh D'imthigh sí féin agus an garsún go dtí an sagart agus phósadar. Nuair a chuaidh an Rí abhaile agus nuair chonnaich sé an cliamhain do stóil sé an ghruaig dá cheann do chaill sé a cheann agus cuireadh isteach san asylum é. Cailleadh annsan é, agus bhí bosca maith aige féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0461: Three Hairs from the Devil's Beard
    AT0930: The Prophecy
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Éalaighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86