Scoil: Urhan (C.) (uimhir rolla 12260)

Suíomh:
Iorthan, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eimile Ní Urdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 226

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 226

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Urhan (C.)
  2. XML Leathanach 226
  3. XML “Amhrán - Maidrín Rua”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán - Maidrín Rua

    Tá Máire Ní Shéa creactha 's cuid feara d'á dhíol amach

    Tá Máire Ní Shéa creactha 's cuid feara d'á dhíol amach,
    Ó sciobhadh an fiolar a lachan leis treasna na bhfír ó dheas.
    D'éirigh ró-thapaidh, níor greamuig sé í na ceart
    Is do thuit sí chun tailimh nuair a lagaidh an "breeze" ar seal.
    Is níor bhé siúd ba mheasa í, cé gur tairbheach í 's gur mhaith
    Ach an t-uan breagh cúilce do bhí ag tarrach 'na chaoire dheas
    Go raibh olann chomh fada air gur b'é bhreathnuigh na daoine ar fad,
    Go mbeadh cúig punt sa mbearra air, dá mairfeadh le'n aois do theacht.
    Is a Dhonncadh an Chladaigh, pé cathair a bhfuil do nead,
    Ag iasgach cois chaladh, nó ag faire san oidhche amach,
    Níor mhór dhuit go mharuighis mo phataire caoire dheas
    Is ná fuaras ar maidin ach ó bhaithis a chinn amach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Éalaighe
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86
    Gairm bheatha
    Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Dhá Dhrom, Co. Chorcaí