Scoil: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 9588)
- Suíomh:
- An Cnoicín Buí Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dd. Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba ghnás le daoine dul ag déanamh turasanna go Teampallín Fachtna i Ros Cairbre ar lá Shain Shéain sa Mheithimh. Is minic daoine i mbéalaibh bháis agus nuair gealltar go raghaidh síad ag déanamh turasanna go Teampaillí Fachtna go leigheastar íad.Thárla uair go raibh cruiteachán ó Dhunmaonbhuidhe ag dul ann, agus a dhá mhaide croise fé's na h-ascaill aige. Bhí feirmeóir ag obair ar thaobh an bhóthair - Protustúnach a b'eadh é agus thosnuig sé ag magadh fén gcruiteachán, agus dubhairt leis dul abhaile ná féádfaí é leigheas. "Fan go bhfeicir ars' an chruiteacán agus b'éidir go mbeidh malairt phuirt ort nuair chasad thar nais an treó seo arís" agus d'imthigh sé leis fé dhéin Teampaillín Fachtna(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Ceallaig
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Drisceóil
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Drom Osta, Co. Chorcaí