Scoil: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 9588)
- Suíomh:
- An Cnoicín Buí Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dd. Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhfuaireas an t-eólas seo nár chuibhe sin, toisg gur "geatairí" an focal coitcheannta ar "rushes" ins gach aon bhall.Fásann adhbhar eile ins na móinfhéaraibh fluicha nó garbha ar a dtugtar "luachar". Féar garbh atá ann, agus baintear é i ndeire Lughnasa agus deintear é shábhailt do's na beithidhigh i gcóir an Gheimhridh. Is dócha gur ón bhféar seo a dtugtar an t-ainm "An Airc luachra" ar ainmhidhe beag a chidhtear go minic sa bhfear seo - saghas Lizard.
Timcheall an cheanntar seo tá rinnce ag muinntear na tuaithe ar a dtugtar "Cros a Chipín".Rinnce beirte is eadh é, ach is minic ceatharar á dhéanamh leis. Cuirtear cros ar an úrlár le sgiotachán nó píosa cailce, agus deineann an bheirt rinnche(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Néill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Caol an Eidhinn, Co. Chorcaí