School: Inis Arcáin, Dún na Séad (roll number 14065)
- Location:
- Dhá Ghníomh, Co. Chorcaí
- Teacher: Risteárd Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Sean ChaisleánSgéal 1.
Tá sean caisleán ins an Garrison ar an oileán seo. Bhí Finghín Ó Drisceoil in a chomhnuidhe ann fadó. Tháinigh longa ó Portláirge uair amháin isteach ins an gcuan cun fothain d'fhagháil agus chuaidh Finghín ar bórd. Bhí fíon ionta agus thóg sé é. Chuadar thar nais go bPortláirge agus thánadar arís chun an caisleán do briseadh.Sgéal 2.
Ar an dtaobh thoir den oileán tá caisleán Dún na Long suidhte. Caisleán Finghín Ó Drisceoil do b'eadh é. Do bhí píosa cannón a úsáidteadh Finghín Ó Drisceoil i tráigh ar an dtaobh thuaidh don caisleán, go dtí mórtímcheall triocadh bliadhain ó shoin, acht do thógadar go dtí Dún na Séad é agus tá sé ann fós. Air an taobh thiar den caisleán a bhí an doras mór, tímcheall det trioghtha ós cionn an dtalamh atá sé agus bhí coiscéim ag dul suas ón doras go dtí bárr an chaisleáin. Tá an túr céarnógach agus tá tá dhá seomraí beaga ins na fallaí. Tá falla árd ar an dtaobh thoir agus ar bárr an falla sin tá tig beag ar a tugtar "The Dog's Kennel". Ins an áit sin a coiméadtar na gadhair cosanta. Deirtear go raibh "Tunnel" fé'n dtalamh ag dul ón caisleán síos go dtí an fairrge ach tá sé dúnta anois.