Scoil: Baile Caisleáin Bhéara (B.) (uimhir rolla 4843)

Suíomh:
Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Néill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0278, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Caisleáin Bhéara (B.)
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Ainmneacha Áiteann Béarra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Cnoc an Locha:-
    Tá an cnoc so suidhte ar an dtaobh thiar de Beal na Leabthan Tá loch ar a bharr agus is doca gur cnoc teine e uair amháin
    Cnoc an Fhiolair:-
    Ar an dtaobh thoir de Beal na Leabthan agus is minic do cuala na seana daoine ag rád gur airigheadar a sean-atharacha ag rad go bfeacadar fiolar ann. Straethire eigin is dócha ó Chill Áirne.
    Reidh Fhinneáin:
    Píosa mór talmhan ar an dtaobh thuaidh de Baile Caisleain agus tobar naomhtha ar an poinnte is aoirde de. Deirtear gur chomnuigh Naomh Fhinneáin ann ar feadh tamaill bhig agus e ag muinead an creidimh fior dos na daoinibh
    Maigheanna an Gorta:-
    Taobh thiar de Baile Caisleáin Bearra tá liaigh mor le feiscint fós inar curad na daoine bochta a fuair bás leis an t-ocras.Tá ainm sagairt dilis i mbéalaibh na ndaoine fós i. an t-Athair DiBhighin[?] (Devine) Sagart a thug a bheatha ag tabairt aire dos na daoine go raibh an [?] acu Do thóg se otharlann ar cúl na sráide agus do bhí na n-othair ina luige ar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Béarra, Co. Chorcaí