Scoil: Baile Caisleáin Bhéara (B.) (uimhir rolla 4843)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin Bhéarra, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Néill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)t-úrlár fuar agus tuighe mar coir leabthan acu.
Faidl DarachFaidhl inaice an scoile nuaidhe agus inaice na reilge leis iseadh an faidl seo. Deirtear go raibh cúpla crann daraighe ag fás ar a barr fadó.
Gleann TruimGleann deas beig isead an Gleann so ag bun Cnuic an Fhiolair agus isé an cúis go bfuil ainm sin air ná go raibh an trom ag fás go fluirseach fado. Taid siad ann anois pe sceal é.
Sidhe-IsleánDo réir na sean daoine connachtas na "daoine maithe" ag sugradh anso fado istoidhche. Saghas laig iseadh an ait.
Deire-mBeitheanIs iomdha argóint do chuala idtaobh brígh na h-áite seo. D'innis an ceann des na gaedealgoiribh do bhfearr do bhí in a comnuidhe ann dom gurbh é an bríg ceart na h-áite ná "oaks and birches". Brig eile "End of birches". Geinumac (?) iolraid fado don focal beithe ná beithean.
Baile an tSeipeilTá fothrach séipéil le feiscin anso fós agus do bhí na daoine ag teact amac as an séipéal so tar-eis Aifrinn nuair do(leanann ar an chéad leathanach eile)