School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)
- Location:
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Siochfhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Máistir Gaoithe
- XML Page 036
- XML “An Gorta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níor luig an ghorta throm ar na daoine daoine tímcheall na h-áite seo. Ach do thagadh na bochtain ó na paróiste eile chun biadh dfhághail. Seo sceul mar gheall ar an.....
Do bhí fear I gCnoc.....i bparóiste na Dromada in am an gorta agus bhí sé leath - marbh leis an ocras. Oidhche amháin bhí sé ag dul treasna na habhann le ciseán feola. Taréis í goid a bhí sé. Nuair a bhí sé ag dul treasna na h-abhann bhí sé chómh lag san gur leag ualach an ceiseáin é agus badhadh é. Thóg an tuille léi síos é go dtí na h-ínse i gCillín-liath agus do cuireadh ann é.
Seo sgeal eile mar gheall ar an ghorta. Do bhí fear i na chómhnuidhe thoir ins na Gleanntaibh, I gCiarraighe Theas. An Peatuigeach a bhí mar leas ainm air. Do bheathuigheadh sé é féin ar na caoire a goideadh....
Oidhche amháin ní raibh pioc len ithe aige. Bhí an sneachta ar an dtalamh agus ní fhéadfadh sé aon nídh d fághail.
Do bhí blonag na caorach a bhí ithte i bpróca mór. Do dhein sé an tlú do dheargadh sa teine agus do sháith sé isteach i bpróca an bhlonaigh é. Do dhein san an blonag do(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí
- Informant
- Dómhnall Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- An Chillín Liath, Co. Chiarraí