School: Máistir Gaoithe (roll number 4463)

Location:
Máistir Gaoithe, Co. Kerry
Teacher:
Pádraig Ó Siochfhradha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 094

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0475, Page 094

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Máistir Gaoithe
  2. XML Page 094
  3. XML “Paidreacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Paidreacha
    Do bhí mórán paidreacha ag na sean-daoine agus deiridís na paidreacha sin nuair a bhídís ag obair.
    Seo paidir a deireadh na sean-daoine nuair a bhídís ag coigilt na teine ist oidhche. “Coigilim an teine seo fé mar a coigileann Críost cách Muire i gceann an tíghe is Bríghid na seasamh ar lár an t-ochtar is aoirde i gCathair na Grást. Siad a chuirim-se fé dhíon am tíghe seo is a dhaoine go lá.”
    Nuair a bhidís ag dul a codhladh ist oidhche annsan deiridís an paidir seo, “Luighim le Dia agus luighann Dia liomn ó’m bathas go dtí an bonn. Gabhaim Dia mar cómhairle, Muire mar Mháthair, Flaitheas Dé mar dhúthchas agus diúltuighim d’on Áirseór. Na seacht n-aingeal is síne, na seacht n-aingeal is óige, siad a chuirim im’ dhíonughadh im’ ghárdáil agus ag breith m’anam go carraig na Glóire. Nuair a lasaidís an lampa deiridís an paidir seo, “Solas Dé cun ar m-anam.”
    Síghle Ní Shíothcháin,
    Inse na Tuinne,
    Maistir-Gaoithe,
    Cill-Áirne.,
    Fuaireas an é seo ó,
    Seán Ó Shíothcháin,
    Inse na Tuinne.,
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Shíothcháin
    Gender
    Female
    Address
    Inse na Toinne, Co. Kerry
    Informant
    Seán Ó Shíothcháin
    Gender
    Male
    Address
    Inse na Toinne, Co. Kerry