Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)marbh agat agus díolfaig go dhaor aisti.” “Ná bíodh aon cainnt mar geall air,” a dúbhairt bean an tíghe. “agus geóbhair mór cuid airgid.”
Do bhí Domhnall sásta leis agus d’imthig sé abhaile. Dúbhairt sé le Huddon agus Duddon go raibh mór cuid airgid aige. Dubhairt Dómhnall nuair a chuadhas go dtí an chathair, do bíos a fhógairt, = Cnámh sheana mná cun púdar gunnaí, cnámh sheana mná cun púdar gunnaí, cnámh sheana mná cun púdar gunnaí. Níor bhfada dom go raibh an sráid mór dtímcheall orm agus do thugadar mór cuid airgid dom ar an cnámha.
Dubhairt Huddon agus Duddon le na céile, ná raibh aon mhaith na mháthair féin go marbhóidís í leis agus go mbeadh airgead aca leis. Do mharbhuigheadar í agus d’imthig Huddon ar dtúis cun na catharach agus é ag fógairt, = "Cnámh sheana mná cun púdar gunnaí, cnámh sheana mná cun púdar gunnaí, cnámh sheana mná cun púdar gunnaí." Níor bhfada agur tháinig Duddon agus a mháthair ar a drom aige, agus nuair a bhfíodar ag gabhailt thríd an stráid tháinig na peelars agus togadar iad, agus fuaireadar bliadhain prisúin.- Faisnéiseoir
- Eibhlín Ní Churdháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí