Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 404
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Lá amháin nuair a bhí na Fíadhna ag fíadhach, thánghadar go caisleán mór áluinn agus chuadhar isteach ann...”
Lá amháin nuair a bhí na fíadhna ag fíadhach, thánghadar go caisleán mór áluinn agus chuadhar isteach ann. Ní raibh aoinne rómpa ach bhí bórd i lár an úrlaír agus é réidh le gach saghas áthraisí agus fíonna agus bíadh.
Do suidheadar síos go compórdach agus thosnuigheadar ag iththe agus ag ól mar bhí ocras ortha. Nuair a bhíodar chun imtheactha is amhlaidh a bhí gach duine ceangailte desna cathaoireacha. Do eagain fionn a órdóg agus dubhairt sé go raibh dhá prionnsaí dubha ag teacht chun iad a mharbhú, agus ní raibh le déanamh aca ach iad a mharbhú, agus a gcuid fola a chimilt desna cathaoireacha. Níorbh fhada gur thánghadar ach do mhairbh na fíadhna iad.
Do thánghadar ar an fhuil do chimilt desna cathaoireacha agus bhí gach duine ag teacht asta gan trioblóid, ach nuair a thánghadar go Conán ní raibh aon braon fhola chun é thogaint as an cathaoir agus bhíodar ag imteacht. Ach dubhairt Conán ar son Dé gan é fágaint na ndíaidh. Níor dhein Oscar ach é tharrac agus leig sé a chroiceann ‘nadhiaidh. Níor dheineadar ach dul amach agus caorach a mharbhú agus croiceann na caorach a chur air in ionad a chroiceann féin. As san amach bhí olainn a dhóithin air chun stocaí a dhéanamh don fhíadhna go léir agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 60
- Seoladh
- Ochtaibh, Co. Chiarraí