Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 401

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 401

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Samháin
  2. XML Leathanach 401
  3. XML “Huddon agus Duddon agus Dónal Ua Laoghaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 20-11-‘35
    Fuaireas an sgéal seo ó Eibhlín Ní Churdháin (tímcheall 60 bliadhna) ó Máighistir Gaoithe.
    An Sgéal
    “Huddon agus Duddon agus Dónal Ua Laoghaire”
    Do chómhnuig Huddon agus Duddon agus a mháthair agus Dónal ó Laoghaire agus a mháthiar in aon tig amháin.
    Lá bhí Dómhnaill amach, do mharbh Huddon agus Duddon máthair Dómhnall agus nuair a tháinig Dómhnall abhaile bhí sé go buartha agus do chuir sé ar a dhrom í, agus d’imtig sé cun na catharac leí.
    Do bhí tobar i dtaobh amuigh don cathair agus do cuir sé a mháthiar ‘na seasamh agus teannta maith léi.
    D’imthig Domhnall isteach go dtí tig go raibh ól dá díol ann. D’ól sé deoch agus dubhairt sé le mnaoi an tíghe, dul amach agus glaoch ar a mháthair, go raibh sí leagtha leis an bhfuacht agus go mbeadh braon uisce beatha aici. D’imthig bean an tíghe, agus do bhí sí ag glaoch uirri, agus do cruit sí í, d’imtig an teannta agus do thuit sí isteach sa tobar.
    Do rith bean an tíghe isteach agus dúbhairt sí, go raibh a mháthair i bhfonntais, gur thuit sí isteach sa tobar. “Yeros a bhean” a dubhairt Dómhnall “tá mo mháthair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlín Ní Churdháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Máistir Gaoithe, Co. Chiarraí