Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 400
- XML “Scéilín Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fuaireas an sgéilín seo ó
Bean Uí Shiochfhradha (80 bliana)
Cooma tSleacháin
Dair Fhionáin“Sgéilín grinn”
Bhí sean-fhear de mhuinntir Shéaghdha sa lóchtar tá tamall ó shoin a bhí cráidhte céasta aige. Bó bradach a bhí aige. Pé ceangail laincis crobh-nasc urcal, nú clár a chuireadh sé fúithi nú uirthi níorbh aon tairbhe é. Théidheadh sí tar teórainn dá aimhdheóin. So deire d’fhonn agus na beadh sé féin agus na comhursain ar sgórnaig a chéile in gheall uirthe, thiomáin sé go dtí aonach na cathrach í.
Ní fada bhí sé ann nuair a dhíol sé le ceannuidhe ó Cill Áirne í, ar roinnt mhaith airgid. “Seadh ‘nis,” arsan ceannuidhe, “tá do chuid airgid agat agus an bhó so agamsa, a bhfuil aon locht uirthe ná feicim fém’ shúilibh cinn.” “Ó Mhuise, mo lámh agus m’fhocal duit ná féadfá a shárúghadh d’fhághail mar bó bhainne.” “Seadh! Seadh!! Ach a’ bhfuil aon locht eile uirthe, a’ ndocrteadh sí a chuid bainne, nó a’ bhfuil sí buaileach nó bradach.” “Ní thógfadh sí cos agus ní bhuailfeadh, ach dá dtabharfadh sí aghaidh ar chlaidhe bheadh sí ar taobh éigean de.”- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shiochfhradha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Com an tSleabhcáin, Co. Chiarraí