Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 394

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 394

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Samháin
  2. XML Leathanach 394
  3. XML “Fionn agus a Dhailtín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuaireas an sgéul seo leanas ó Pádraig Ó Súilleabháin (Peatsín the Sleabha). Feirmeóir 72 bliadhna a bhí ‘na chómhnuidhe i Muing-Uí-Dhúbhda- paróiste na Priarach. Fuair sé an sgéal seo ó sean fhear de muinntir Faoite a bhí thall ar an gcnocán (Ceann Eic) tímcheall 60 bliain ó shoin – bhí an sean fhear sin De Faoite tímcheall 80 bliadhna d’aois.
    An Sgeal
    Fionn is a dhaltín
    Do bhí Fionn Mac Cumhaill lá i bhFionn Tráigh in-íochtar Cúige Uladh. D’eirig sé amach agus chualadh sé an cúile comhraic a bhualadh agus ’sé shéid an barra buadh. Nuair a chualadh na fir a bhí ag faire an barra buadh é (Do bhí seacht gcéad míle fear aca) bhaluigheadar go léir agus annsan thosnuigheadar ar a’ gcath.
    Thángadar go l éir i gcoinnibh a chéile. Tháinig Oscar, an fear ba thréine a bhí ar a’ bhFéinn, neart deich gcapall is dachad, b’é sin an neart a bhí in Oscar Mac Fhinn. Seadh. Do mharbhuigheadar fá cionn naoi lá an Flít ar fad a tháinig, ach leanbh trí bhlíain.
    I gcionn fichead blíadhain dubhairt an leanbh nuair a bhí sé i neart ‘na gaisgéach, a’ dtuigeann tú, go n-imhteóchadh sé ‘na dhúithig féin agus go dtabharfadh sé árthach óir agus árthach óil.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Súilliobháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Moing Uí Dhúda, Co. Chiarraí