Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 391

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 391

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Samháin
  2. XML Leathanach 391
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is fearr an tsláinte ná an táinte.
    Ualach trom ar fear leisce.
    Is cuma nó muc duine gan seift.
    Na muca ciúine a itheann an triosg.
    An tímcheall cun an teampaill is an cómgar chun an Aifrinn.
    Bean mhic is máthair céile, cat is luch ar aghaidh a chéile.
    Núair a raighir i gcuireadh gan iarraidh in aon áit beir do stóilín féin leat.
    Deoch uisgce arsa an caoíre, deoch fíon arsa an gabhar, is sgala ort a fheasóigín buidhe glas ní fiú duitse labhairt.
    Lá saoire sa Geimhreadh is a throscad go bhFoghmhar.
    An té ná bíonn bólacht ar an gcnoch bíonn suaimhneas ar shop aige.
    Núair a luigheann gé luigheann siadh go léir.
    Mar a bheir i mbaile an bhídh bí san baile le na taoíbh.
    Is fearr seachtmhain sa Priaireacht ná bliadhain ar scoil.
    Dínc do’n liobán a sgoileann é féin.
    An té go mbíonn an rath air féin bíonn an rath ar a sgata cearch.
    Dealg múnlaighe fiacal con nó fochail amadáin nó trí neithe is géire ar bith.
    Nuair a cruadhainn an tslat is deachair é sníomh na gad.
    Domhnach na Phailme nó Satharn Cásga bíonn an grian ag rínnce le h-áthus.
    Nígheacháin breach an t-Satharain bíonn sé geal Dé Domhnaigh.
    Na daoíne is lugha ciall in-Éirinn daoíne gan Béarla gan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Ní Chonaill
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ochtaibh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Siobhán Uí Chonaill
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann