Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Caitheamh aimsire agus cluithchí Is maith le gach cailín agus gach buachaill caitheamh aimsire de shaghas éigin a bheith ar siubhal acha gach lá. Núair ná bhíonn aon aimsear oireamhnach chum dul amach ag siubhal, is maith leó bheith ag deanamh breagán istig dóibh féin.
Is iad na breagháin is mó a dheineann cailíní óga ná bábóg. Deineann siad í le féar no le turnap agus cuireann siadh gúna agus stocaí bróga hata agus cóta uirthi ar nós duine. Annsan deineann siadh tigín beag i gcóir na bábóige.
Deineann siadh é le h-adhmadh agus le cipíní agus píosa de gach rudh ar fúaid a’ tighe. Bíonn siad ag imirt leis an mbábóg an lá go léir annsan, nuair a bhriseann siad í bíonn brón ortha agus bíonn siad a dheanamh súas airís í.
Is maith le búachaillí óga bheith ag deanamh bhreagáin leis. Deineann siad liathróid as féar agus é istigh i bpíosa mála nó rud égin agus bíonn ard spórt acha á imirt amhail is dá mbeadh sé ina liathróid cheart.
Bíonn siad ag deannamh slait íascaigh as bata, agus bioráin i gcóir an dorughadh. Deineann siad ciseáin leis, cun dul ag íascaireacht i sruthán. Deineann siad cliabháin éin de slataibh agus cuireann siad é i bpáirc i dtreó go raghadh na h-éin isteach ann, annsan dúnann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ochtaibh, Co. Chiarraí