Scoil: Cathair Samháin

Suíomh:
Cathair Samháin, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 380

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0474, Leathanach 380

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cathair Samháin
  2. XML Leathanach 380
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Luibheanna
    Is iad na luibheanna a dheineann díoghbháil ná puirseach buidhe cupóga agus an caisreábhán. Deineann na cupóga an talamh do bhochtúghadh agus múchann an puirseach buidhe na plandaí eile agus ní itheann aon rud an chaisréabhán acht na géanna agus na muca.
    Fásann na cupóga agus an caisreabhán i gcré agus fásann an puirseach buidhe i n-áiteannaibh boga. Tá leigheas ins an bpuirseach buidhe cun an triuc. Deineann siad é do bheirbhiúghadh i n-uisge agus an t-uisge d'ól annsan.
    Tá maitheas ins na luibheanna leis. Núair ná bíonn go leór prátaí ag na daoíne, is minic a thugann siad an caisréabháin do’s na muca. Tugann siad na cupóga dos na cearcaibh. Geárann siad iad agus cuireann siad gráinne mine ortha annsan. Tugann siad duilleóga na saillíghe dóibh leis.
    Deineann siad éadach do dathú le luibheanna leis, siad na luibheanna íad na bláth an aitinn agus an duilleasg cloch dath buidhe a chuireann an dá cheann ar an éadach.
    Mícheál Ó Súilleabháin,
    Doirenéadain
    Máistir Gaoithe
    Cill Áirne
    O’m athair Séamus Ó Súilleabháin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire an Éadain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Súilleabháin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire an Éadain, Co. Chiarraí