Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Na Comharthaí a baineann leis an aimsirTá mórán cómharthaí ag na sean-daoíne i dtaoibh na h-aimsire, agus cómharthaí a bhaineann leis an deagh-aimsire agus an droch-aimsire.
Siad na cómharthaí a bhaineann leis an ndroch-aimsir ná, dá mbeadh páirc féir amuigh lá breag Samhraidh agus dá dtagadh ceó ar bharra Eisg nó ar bharra Cnoc na dTobar nó na clocha atá i Machaire an Grianán faoí fén ngréin dearfhadh na daoíne leo féin gur ceart dóibh bheith ag brostúghadh agus é dhéanamh suas mar go raibh an báisteach ag teacht. Droch-chómhartha é bheith dearg thoir ar maidin agus cómhartha báistighe é. Ceann eile má bhíonn túar ceatha ar maidin deireann siad go mbeadh cioth um thráthnóna.
Ana dhroch chómhartha eile iseadh má bhíonn an spéir dearg, deirtear go mbíonn gála ag teacht. Rud eile iseadh má bhíonn boghaisín mór-thímcheall an ghealaigh, deirtear go mbíonn báisteach ag teacht. Deirtear leis má bhíonn sé ag cur báistighe i dtosach an Aoine agus i ndeireadh an Sathairn nó taréis Aifrinn Dé Domhnaigh ná tiormócaidh sé in aonchor.
Tá cómhharthaí deagh-aimsire leis agus baintear úsaáid asta leis. Dá mbeadh ceó in aice abhann ar maidhin deirtear go mbeadh aimsir bhreágh againn. Deirtear leis má thagann ceó indeire an gealaig go mbeadh aimsir breágh ag teacht. Má théigheann an ghrían síos glan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirín Ní Chonaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ochtaibh, Co. Chiarraí