Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 370
- XML “Na Comharthaí a Bhaineann leis an Aimsir”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gan sgamall á clúdach go mbeadh lá bréagh ‘na dhiaigh. Má bhíonn an spéir gorm lá Geimhridh nó aon lá ní bhíonn aon deabhadh ar na daoíne le na gcuid oibre mar bhíonn fhios aca gur aimsir bhreágh a bhíonn ag teacht. Rud eile má bhíonn an gaoth ag séideadh anoir deirtear go mbíonn aimsir crúaidh tirim chúghainn.Máirín Ní Chonaill
Ochtaibh,
An Choirreán - Bhí fear ag dul go dtí an aonach oidhche amháin le bhó. Do chúadih sé a chodhladh ar feadh cúpla uair a chluig. Núair a bhí sé a h-aon a chlog d’eirig a bhean agus fúair sí an breacfeast do. Annsan d’eirig sé féin agus chuir sé ceangail ar an mbuin.
Dubhairt a bhean leis gan dul go dtí go nglaodhaig an coileach. Istig sa tig a bhíodh na cearcha an úair sin. Fúair an fear seo maide mór fhada agus leag sé an coileach anuas ar an úrlár. Annsan do ghlaodhaig an coileach agus dúbhairt sé go mbeadh sé ag imeacht. Ní raibh sé acht leath úair taréis a dhó san oidhche an úair sin.
Núair a bhí sé píosa ón dtig do chúalaid sé a bhean ag glaodhaidh air. Dúbhairt sí leis gan teacht isteach san tig chúici féin gan an bhó do dhíol ar deich bpúnt. D’imthigh sé leis agus é ag cainnt leis féin. Núair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gobnait Ní Shéaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Doire an Éadain, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Padruig Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire an Éadain, Co. Chiarraí