Scoil: Cathair Samháin
- Suíomh:
- Cathair Samháin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cathair Samháin
- XML Leathanach 334
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Fear beag ar ardán; nú fear mór ar íslán. Bean gan aprún; nú bó gan earbull...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Is maith leis na mná deallmhudh an bhláthach
Bíonn an fhírinne searbh
Is fearr fairsing ná fóganta
Is ní bhuadhach an saoghal ar an raidhse.
An té go mbíonn long agus lón aige gheobaidh sé cor uaire éigin.
Tig ar mbéal mbóthair ní aistir gabháil ann
Bíonn blas milis ar phraiseach na gcómharsan
Nuair a cruadhainn an tslat is deacair a sníomh na gad
Is olc an gaoth ná séideann do dhuine éigint
Dá mbeadh coigeanns ag an gcat is minic a bheadh a bhas fliuch
Thugas éan liom ó’n gcoill is níor bhinn liom a glór.
Thugas éan eile liom ó’n gcraoibh a dhein éan binn de go leor.
Is mairg a bhíonn thíos an chéad lá
Is mairg ná cuimhneóchadh ar an arán do ithibh
Ní féidir fuil a bhaint as turnop
Is minic do bhain duine slat do gheobhadh ar féin
Is geall le h-airgead geir
Is mairg a bhíonn gan drithár
Dá mbeadh soineann go Samhain beadh breall ar dhuine éigin
Dá bhreághthacht an lá ní h-ualach do dhuine a bhrat.
An rud ná feiceais is an tsúil ní crádhann sé an croidhe.
Tar éis gac’ cath tuistear gac’ beart
Tuigeanns gac’ aoine a balbhán féin.
An rud a sgríobhann an púca léigheann sé féin é.
Ceangal leis an bocht agus ceangalocaidh an bocht leat.
Is minic síos droch bhean tighe. Chonnac cheana thu! Mar a dubhairt an cat leis an mbainne the.(leanann ar an chéad leathanach eile)