School: Cathair Samháin
- Location:
- Cathair Samháin, Co. Kerry
- Teacher: Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cathair Samháin
- XML Page 334
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Fear beag ar ardán; nú fear mór ar íslán. Bean gan aprún; nú bó gan earbull...”
(continued from previous page)Is maith leis na mná deallmhudh an bhláthach
Bíonn an fhírinne searbh
Is fearr fairsing ná fóganta
Is ní bhuadhach an saoghal ar an raidhse.
An té go mbíonn long agus lón aige gheobaidh sé cor uaire éigin.
Tig ar mbéal mbóthair ní aistir gabháil ann
Bíonn blas milis ar phraiseach na gcómharsan
Nuair a cruadhainn an tslat is deacair a sníomh na gad
Is olc an gaoth ná séideann do dhuine éigint
Dá mbeadh coigeanns ag an gcat is minic a bheadh a bhas fliuch
Thugas éan liom ó’n gcoill is níor bhinn liom a glór.
Thugas éan eile liom ó’n gcraoibh a dhein éan binn de go leor.
Is mairg a bhíonn thíos an chéad lá
Is mairg ná cuimhneóchadh ar an arán do ithibh
Ní féidir fuil a bhaint as turnop
Is minic do bhain duine slat do gheobhadh ar féin
Is geall le h-airgead geir
Is mairg a bhíonn gan drithár
Dá mbeadh soineann go Samhain beadh breall ar dhuine éigin
Dá bhreághthacht an lá ní h-ualach do dhuine a bhrat.
An rud ná feiceais is an tsúil ní crádhann sé an croidhe.
Tar éis gac’ cath tuistear gac’ beart
Tuigeanns gac’ aoine a balbhán féin.
An rud a sgríobhann an púca léigheann sé féin é.
Ceangal leis an bocht agus ceangalocaidh an bocht leat.
Is minic síos droch bhean tighe. Chonnac cheana thu! Mar a dubhairt an cat leis an mbainne the.(continues on next page)