School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 366

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 366

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 366
  3. XML “Pósadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Pósadh
    San Inid a phósann na daoíne timcheall na h-aite seo. Tugtar an Inid ar an aimsir ó Lá Nodhlag na mBan go dtí Céadaoín an Luaithridh. Le línn na h-aimsire sin iseadh deintear na cleamhnais.
    Máirt na h-Inide an lá deireannach chum pósadh roimh an Carrghaos. Deirtear nách ceart pósadh ins gCarrghaos agus go bhfuil sé ana-rathmhar agus deirtear leis go bhfuil sé mí-rathmhar pósadh ar an Aoine nó ar an lúan.
    Caitheann na daoíne a bhíonn ag pósadh anois airgead a thabhairt i gcóir an spré. Fadó stoch a thugaidís i gcóir an spré agus úaireannta ní thugaidís aon spré mar do bhíodh airgead go leór acha. Ní cuimhin le na daoíne atá ann anoís pósadh do bheith ar siubhal sa tig in aon chor acht is cuimhin le na sean-daoíne é. Tá sé sin súas le nochad h-ocht mbliadhain ó shoin. .
    Do thagadh an sagart go dtí an tigh chun íad a phósadh, acht anois is amhlaidh a théigheann siad go dtí an séipéal. Maidin lae an phósadh théigheann an fear go tigh an cailín agus bíonn feasta mór aca. Annsan téigheann siad go dtí an sagart agus pósann sé íad. Núair a bhíonn siad ag dul go dtí an séipéal bíonn gluaisteán an cailín i na dhiaidh.
    Nauir a bhíonn siad pósta téigheann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Doire an Éadain, Co. Kerry