School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 362

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 362

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 362
  3. XML “Na Scoileanna a Bhí in Éirinn Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na Sgoileanna a bhí i nÉirinn fadó.
    Do bhí uraim d’on fhoghluim agus d’on léighinn riamh ag gach aon treabhchas so-bhéasach ar Domhan. Roimh teacht an chreidimh féin do bhíodh sgoileanna sa tír seo mar a dtugtí teagasc ar gnéithibh feilidheachta is ar sheannchuis is a dlígh na críche.
    Do bhí cúpla sgoile mór thímcheall na h-áite seo. Do bhí ceann ag Tomás Rúad in Dromchaor agus do bhíodh sgata mór sgoláire ag teacht ann agus do bhídís cómh mór leis féin gan bróga ná stoca ortha acht an oiread. Do bhíodh an fear bocht ag dul ó thigh go tigh gach oidhche chun lóisdín d’fághail. Tá fothrach na sgoile sin ann go dtí an lá indiú.
    Do bhí ceann eile i mBarra na h-Aoine agus Tomás Ó Fíannachta a bhíodh ag múineadh ann. Ní thagadh sé go dtí an sgoil go dtí ‘na deich a chlog agus do chaithfidís dul go dtí an tigh na mbíodh sé agus é a dhúiseacht. Máighistir ana mhaith dob eadh é. Árd a Mháighistir a tugtar ar an áit a raibh an sgoil suidhte.
    Bhí sgoil mór eile i n-Doire Éanna acht níl aon fhios ag na daoíne cé bhí ag múineadh ann. Do thuit na fallaí acht taréis tamaill do deineadh súas airís é agus bhí Pádruig Ó Murchúghadh ag múineadh ann. Fadó leis ní bhíodh acht cleití acha chum sgrí leó acht ní mar sin anois. Tá na pinn acha. Is breagh aimsir atá acha anois.
    Gobnait Ní Shéaghdha
    Doirenéadain
    Máistir Gaoithe
    Cill-Áirne
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Shéaghdha
    Gender
    Female
    Address
    Doire an Éadain, Co. Kerry