School: Cathair Samháin

Location:
Cathair Samháin, Co. Kerry
Teacher:
Máire E. Bean Uí Sheaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 375

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0474, Page 375

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Samháin
  2. XML Page 375
  3. XML “Caitheamh Aimsire agus Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Caitheamh aimsire agus cluithchí
    Is maith le gach cailín agus gach buachaill caitheamh aimsire de shaghas éigin a bheith ar siubhal acha gach lá. Núair ná bhíonn aon aimsear oireamhnach chum dul amach ag siubhal, is maith leó bheith ag deanamh breagán istig dóibh féin.
    Is iad na breagháin is mó a dheineann cailíní óga ná bábóg. Deineann siad í le féar no le turnap agus cuireann siadh gúna agus stocaí bróga hata agus cóta uirthi ar nós duine. Annsan deineann siadh tigín beag i gcóir na bábóige.
    Deineann siadh é le h-adhmadh agus le cipíní agus píosa de gach rudh ar fúaid a’ tighe. Bíonn siad ag imirt leis an mbábóg an lá go léir annsan, nuair a bhriseann siad í bíonn brón ortha agus bíonn siad a dheanamh súas airís í.
    Is maith le búachaillí óga bheith ag deanamh bhreagáin leis. Deineann siad liathróid as féar agus é istigh i bpíosa mála nó rud égin agus bíonn ard spórt acha á imirt amhail is dá mbeadh sé ina liathróid cheart.
    Bíonn siad ag deannamh slait íascaigh as bata, agus bioráin i gcóir an dorughadh. Deineann siad ciseáin leis, cun dul ag íascaireacht i sruthán. Deineann siad cliabháin éin de slataibh agus cuireann siad é i bpáirc i dtreó go raghadh na h-éin isteach ann, annsan dúnann
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. entertainments and recreational activities (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Máirín Ní Chonaill
    Gender
    Female
    Address
    Ochtaibh, Co. Kerry