Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)
- Suíomh:
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Tomás Mac Eóin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir
- XML Leathanach 072
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SgéalDo bhí baintreach ann uair, is ní raibh aicí ach aon mhac amháin. Bhíodh an bhuachaill amuigh gach oídhche go h-ana dhéanach, is bhíodh eagla ar a mháthair istig gach oídhche gan aoinne in aonfheacht leí. Chuaidh sí cun cainnte leis an sagart mar gheall air, agus d’innis sí dó, an áit in a bhíodh sé.
An oidhche in a dhíaid sin, d’imthigh an sagart amach, tímcheall lé mheadhon-oidhche is do bhuail an bhuachaill leis, agus do thosnuigheadar ag cómhrádh le'n a chéile. Dúbhairt an sagart gur fhág sé a hata sa roilig an lá san agus d’íarr an sagart air dul agus é do bhreith chuige.
D’imthigh an bhuachaill láithreach, ach má dhein, d’imthigh an sagart treasna na páirceanna is bhí sé ann roimis. Nuair a shrois an bhuachaill an roilig tháinig an sagart amach as cúinne is dúbhairt “Imtig cómh tapaidh agus is féidir leat is ná bí ag teacht annso ag breith cnáimh na daoine marbh leat.” D’imthigh sé, agus sgannradh in a chroídhe. Ar an slíghe dó, do thuit sé i laige. Chuaidh sé abhaile annsan is ní raghadh taobh amuigh den doras taréis tuitim na h-oídhche in dhiaidh sin.Mícheál Ua Gríbhthín do scríobh
Mairtín Ua Gríbhthín d’aithris
Leitir
Gleannbeithe
Co. Ciarraidhe.- Bailitheoir
- Mícheál Ua Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ua Gríbhthín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Leitir Thoir, Co. Chiarraí