Scoil: Leitir (uimhir rolla 15668)

Suíomh:
Leitir Thoir, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Tomás Mac Eóin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0473, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seana-Sgéul
    Bhí bean bocht agus a fear ann uair amháin agus an bhí an-chuid leabhaí achu. Am an droch-shaoghail ba eadh é. Ní bhíodh le n-ithe ages an daoine ach praiseach agus cabáiste. Bhí gáirdín breág cabáiste ag gabáilt le tig na ndaoine seo. Taghaidh mná bochta na h-áite ag lorg tor cabáiste ó’n mbean gach aon lá, agus bhíodar ach teacht go dtí ná raibh fágtha ach dhá thor. Ach an oidhche seo labhair a fear léi, agus dubhairt “Tá an gairdín nochtuithe agat go dtí an dhá thor. Dein íad san do cúmhdhach dúinn féin. “Tá go maith,” ar sí sin.
    Tamaillín beag ina-dhiaidh sin, tháinig bean-bocht ag lorg blúirín cabáiste. “Níl agam anois ach an dhá thor úd” arsan bean, “ach tá Dia láidir, moladh go deo leis.” D’Imthigh sí amach sa gáirdín agus stath sí an dhá thor, agus thug sí do’n mbean íad. Nuair d’eirig sí ar maidin ní bhfuigheadh sí siúbhal sa gáirdín le cabáiste.
    Caitlín Ní Coisdealbha, do scríobh
    Caitlín Bean Uí Choisdealbha d’aithris
    Coill-Coidhtheach,
    Gleannbeithe,
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Caithlín Ní Choisdealbha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Caithlín Bean Uí Choisdealbha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cill Choimhtheach, Co. Chiarraí